-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Athscrúdú & Uasteorannú
I mí Lúnasa 2015, d’aontaigh Coiste Seasta Acadúil na hOllscoile uasteorannú a thabhairt isteach i gcás athscrúduithe agus athmheasúnuithe. Is éard atá i gceist le huasteorannú gurb é an pasmharc don mhodúl (i.e. 40%) an marc is airde is féidir a bhronnadh ar mhac léinn nuair a dhéanann sé/sí athscrúdú nó athmheasúnú.
Tá dhá eisceacht air sin:
- Ní bheidh uasteorannú i bhfeidhm i gcás chláir fochéime lánaimseartha na Chéad Bhliana
- I gcás mhodúil na gclár MB, BCh, BAO agus BSc (Teiripe Shaothair, Cosliacht, agus Teanga agus Urlabhra), is é 50% an marc is airde a bhronnfar; is é 50% an pasmharc do mhodúil ar na cláir seo
Chun níos mó eolais a fháil maidir le huasteorannú i do chlár féin, léigh Marcanna agus Caighdeáin na hOllscoile ar an leathanach Polasaithe & Nósanna Imeachta.
Céard a chiallaíonn sé seo domsa?
Mar mhac léinn ba cheart duit a bheith ar an eolas má theipeann ort i scrúdú nó i measúnú agus má dhéanann tú athscrúdú nó athmheasúnú, is é 40% an marc is airde is féidir leat a bhaint amach sa scrúdú nó sa mheasúnú sin ar fhormhór na gclár. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag mic léinn fochéime gur fiú 30% de do chéim iomlán na marcanna a fhaigheann tú sa dara bliain deiridh, seachas i gcás an Leighis. I gcás mic léinn Leighis atá ag dul isteach sa Cheathrú Bliain in 2015/16, beidh do chéim bunaithe ar 50% de do mharc sa Cheathrú Bliain agus 50% de do mharc sa Bhliain Deiridh. Dá bhrí sin, beag beann ar an gclár atá ar siúl agat, má bhíonn ort athscrúduithe/athmheasúnuithe a dhéanamh sa Bhliain Deiridh nó sa dara Bliain Deiridh d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar do chéim iomlán.
Mar chomhalta foirne ba cheart duit a chinntiú go bhfuil mic léinn ar do chlár ar an eolas faoi uasteorannú. D’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar a gcuid torthaí.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le huasteorannú a bheith i bhfeidhm, féach an Bhileog Eolais maidir le hUasteorannú.
Bí i dteagmháil
examsoffice@universityofgalway.ie
091-493024