-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Cúrsa Rochtana ar an Ardoideachas - Lucht Fágála Scoile
Key Facts
22
bliain d'aois nó níos óige
€
Measúnú ar ioncam teaghlaigh
1
bhliain i do chónaí i réigiún BMW
Tá an cúrsa do Lucht Fágála Scoile dírithe ar mhic léinn atá 22 bliain d’aois nó níos óige a bhfuil an Ardteistiméireacht, cáilíocht QQI ag Leibhéal 5 nó Leibhéal 6 nó a comhionann bainte amach acu.
- Faigheann mic léinn a chríochnaíonn an Cúrsa Rochtana Dioplóma sa Bhonnstaidéar ó Ollscoil na Gaillimhe.
- Tá siad incháilithe freisin chun iarratas a dhéanamh ar iontráil dhíreach (tríd an CAO) ar chúrsaí fochéime Ollscoile lánaimseartha.
- Léigh an treoir do Chlár Bonnstaidéir Rochtana 2023.
Ionad:
Cuirtear ár gcláir ar fáil i dtrí ionad:
- Gaillimh (An Campas, Ollscoil na Gaillimhe)
- Tuaim
- An Cheathrú Rua (Clár For-rochtana dátheangach)
Lean na céimeanna seo a leanas le hiarratas a dhéanamh:
1. Bailigh an t-eolas a bheidh uait e.g. uimhir PSP, uimhir CAO (más cuí), ainmneacha agus sonraí teagmhála 3 mholtóirí (beirt mholtóirí acadúla agus moltóirpearsanta amháin)
2. Beidh deis agat do chuid cáipéisí airgeadais a chur ar aghaidh tar éis duit an fhoirm iarratais a chomhlánú.
3. Seiceáil do bhosca rphoist chun admháil ar d'iarratas a fháil agus lean an t-eolas a thugtar chun do chuid cáipéisí breise a chur isteach.
Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais ar Líne anseo
Is féidir d'iarratas a chomhlánú trí Ghaeilge ach Gaeilge a roghnú mar theanga ar an bhfoirm.
Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte an 15 Meán Fómhair 2024.
Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le hOifig na gClár Rochtana ar rphost access@universityofgalway.ie
Cé dó/di a fheileann an Cúrsa Rochtana do Lucht Fágála Scoile?
Feilfidh an Cúrsa Rochtana do Lucht Fágála Scoile do mhic léinn atá 22 bliain d’aois nó níos óige an bhliain a dtosaíonn an clár céime, agus a bhfuil an-suim acu staidéar a dhéanamh ag an tríú leibhéal, ach nach bhfuil ar a gcumas sin a dhéanamh de bharr cúinsí airgeadais nó cúinsí sóisialta*. Glacann an scéim le lucht fágála scoile ó gach scoil i réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair agus Co. an Chláir. Féadfaidh Lucht Fágála Scoile a bhfuil an Ardteistiméireacht déanta acu NÓ a bhfuil cáilíocht QQI ag Leibhéal 5 nó Leibhéal 6 nó a comhionann bainte amach acu iarratas a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh mic léinn thar a bheith spreagtha agus spéis acu tabhairt faoi staidéar ag leibhéal fochéime sa réimse a roghnaíonn siad.
Ar chóir dom iarratas a dhéanamh tríd an CAO chomh maith?
Molfar go láidir do mhic léinn reatha na hArdteistiméireachta iarratas a dhéanamh ar chláir chéime tríd an CAO.
Cén caighdeán Ardteistiméireachta atá ag teastáil?
Seo a leanas na riachtanais acadúla inmhianaithe le go roghnófaí thú:
- ní mór go mbeadh, ar a laghad, dhá ghrád H4 ar pháipéar ardleibhéil, agus ceithre ghrád O6 ar pháipéar gnáthleibhéil nó ardleibhéil faighte agat;
- nó cáilíocht choibhéiseach mar shampla cúrsa breisoideachais.
- Ina theannta sin, teastóidh sonraí ginearálta maidir le do sheasamh airgeadais féin chomh maith le seasamh airgeadais do mhuintire, ón Ollscoil.
Féadfaidh mic léinn a bhfuil cúrsa iar-ardteistiméireachta déanta acu iarratas a dhéanamh.
Is rogha é an Cúrsa Rochtana freisin dóibh siúd a thug faoi scrúdú na hArdteistiméireachta roimh 2023 ach nár bhain amach na pointí a theastaíonn chun dul chuig Ollscoil na Gaillimhe.
Darren Casserly | Baitsiléir Sna Dána (Iriseoireacht)
Is mac léinn sa 3ú bliain sna Dána le hIriseoireacht mé faoi láthair. Ullmhaíonn an cúrsa rochtana tú níos fearr don choláiste ná an mheánscoil agus tugann sé na huirlisí duit le go n-éireoidh leat sa choláiste. Mholfainn an cúrsa go mór d’aon duine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh, agus ní bheinn san áit a bhfuilim inniu marach an cúrsa.
Saoirse O'Connor | Lucht Fágála Scoile san Ionad Rochtana
“Tá sé deacair cur síos ar a luachmhaire is a bhí an cúrsa Rochtana dom. B'iontach an bunús foghlama a fuair mé agus as ar shealbhaigh mé scileanna tábhachtacha a chabhraigh liom tús a chur le mo thuras acadúil mar fhochéimí. D’fhoghlaim mé an chaoi staidéar a dhéanamh agus scríobh go hacadúil, chomh maith le ríomhchláir theicneolaíochta éagsúla a úsáid, i ngeall ar an bpaindéim, chun rochtain a fháil ar sheirbhísí oideachais. Bhain mé leas chomh maith as tacaíocht leanúnach na hOifige Rochtana a chabhraigh liom, mar mhac léinn, mo dhícheall a dhéanamh. Bhí mé in ann staidéar a dhéanamh ar an ábhar foghlama a cuireadh ar fáil dom agus cur le m’eolas in ábhair agus i réimsí a rachaidh chun tairbhe dom nuair a thabharfaidh mé faoin gcúrsa atá roghnaithe agam sa bhliain romham.”
Oisín Halligan | Lucht Fágála Scoile san Ionad Rochtana
“Ní fada go mbeidh mé i mo mhac léinn chéad bhliana a bhuíochas sin don chúrsa rochtana. Ba é an cúrsa rochtana an deis a cheap mé nach bhfaighinn riamh go hacadúil, ullmhaíonn an cúrsa tú i bhfad níos fearr ná an mheánscoil agus tá an oiread sin daoine maithe páirteach sa chúrsa atá ar fáil chun cabhrú leat nuair is féidir. Ní bheinn san áit ina bhfuilim inniu murach an cúrsa rochtana agus má tá suim agat ann mholfainn go mór é agus ní bheidh aiféala ort.”